De Initiis: Gnéithe den Léann Eaglasta in Éirinn A.D. 600-800

AISTE

De Initiis: Gnéithe den Léann Eaglasta in Éirinn A.D. 600-800

Máirtín Mac Conmara MSC

1. Réamhrá

Ionann an togra De initiis, “Na céimeanna tosaigh” agus an léann eaglasta in Éirinn sna blianta tosaigh AD 600-800.[1]Is é a bheadh mar aidhm ag an tionscadal ná pictiúr iomlán den ré sin ó thaobh léann eaglasta de a chruthú ón fhianaise atá againn ó fhoinsí deimhnithe éagsúla, téacsanna a bhaineann le leis an mBíoba ina measc. Sa pháipéar seo cloífimid ach go háirithe leis an luath-ré, an t-séú agus seachtú haois agus gluaiseanna an Codex Usserianus Primus (seachtú haois), tráchtaireacht le Apponius ar Laoi na Laoithe agus Columbanus (séú haois), an giorrúchán de sin, an Cathach, idir théacs an Bhíobla agus na Tituli (seachtú haois), agus na Soiscéil Laidine Éireannacha (ochtú haois).

2. Usserianus Primus

Lámhscríbhinn den tseachtú céad i gColáiste na Trinóide é Codex Usserianus leis an Ceithre Soiscéil sa téacs Sean-Laidine. Ní fios go deimhin an in Éirinn nó ar an Mór-Roinn a scríobhadh céaduair. Bíodh sin mar atá tá gluaiseanna tur-bioranna (dry-point) ar an dtéacs ón tseachtú haois dhéanach, an ceann is iomráití díobh an focal is sine atá ar fáil sa Ghaeilge, sin le rá focrici (“tuarastal”) ar an bhfocal Laidine stipendiis i Lúcás 3:14, leis an gciall chéanna, mar a thug Bernhard Bischoff faoi deara.[2] Rinne Pádraig Ó Néill taighde faoi leith ar na 137 gluaiseanna tur-bioranna sa lámhscríbhinn seo.[3] Ina thuairim siúd téann an fhianaise go léir faoi na gluaiseannna seo ó thaobh ábhair, teanga, lámhscríbhneoireacht de le dáta den tseachtú haois dhéanach a dheimhnú do na gluaiseanna seo de Usserianus Primus. Dar le Ó Néill is féidir bheith réasúnta deimhin de go bhfuil na gluaiseanna seo faoi thionchar foinsí seo de Aithreacha na hEaglaise: Tráchtaireacht Iaróm ar Mhatha, agus a mhíniú ar na hainmneacha Eabhracha; tráchtaireacht Ambrós ar Lúcás; Tractatus in Matthaeum le Chromatius; 40 homailithe ar na Soiscéil le Greagóir; Formula spiritalis intellegentiae le Eucherius; b’fhéidir a Regula le Benedict as Nursia; agus an Descensus ad inferos apacrafúil. Bíodh gur ar théacs Sean-Laidine na gluaiseanna, dar le Ó Néill ba í an Vulgáid an fhoinse ba mhó ar bhaineadh úsáid as, agus dealraíonn sé gurb é sin Bíobla an té a rinne na gluaiseanna.é.

Más dleathach an fhianaise seo taispeánann sé go raibh teacht ar roinnt mhaith den litríocht thraidisiúnta ar an mBíobla ag scoláirí Éireannacha sa seachtú céad.

3. Apponius agus Columbanus (ca. A.D. 600)

Is féidir linn glacadh le Columbanus mar fhinné don léann eaglasta agus go sonrach léann an Bhobla, in Éirinn sa séú agus sa tseachtú haois, bíodh gur ón seachtú haois a scríbhinní. Fear mór léitheoireachta ar thráchtaireachtaí ar an mBíobla a bhí ann. Ina chéad litir go dtí an Pápa Greagóir (A.D. 600) dúirt sé go raibh sé leabhar le Iaróm ar Eizicéil léite aige agus d’iarr sé ar an bPápa a léachtaí féin ar an bhfáidh sin a chur chuige. Ansin d’iarr sé air tráchtaireacht ar Caintic na gCainticí (Laoi na Laoithe) a chur chuige: (Epistola I.9):[4] “transmitte et Cantica Canticorum ab illo loco, in quo dicit, Ibo ad montem myrrhae et collem thuris [Caintic 4:6]¸ usque ad finem”, cuir chugam chomh maith Caintic na gCainticí ón áit ina deirtear “rachaidh mé go cnoc an mhirr, go tulach na túise”, go dtí deireadh”,

Ní raibh ach an t-aon tráchtaireacht amháin ar an Laoi na Laoithe le fáil san Iarthar, an tráth sin, an ceann le Apponius, faoin dteideal In Canticum Canticorum Expositio.[5] Tá eagrán criticiúil thar barr de, mar aon le aistriúchán Fraincise, déanta ag Bernard de Vregille agus Louis Neyrand in 1986,[6] agus léirmheasanna criticiúla ar sin ag saineolaithe.[7] Níl aon eolas againn faoi Apponius seachas é mar údar ar an saothar seo. Iodálach a bhí ann a chum an saothar sa Róimh nó níos dóichí i dTuaisceart na hIodáile más fianaise na húdair a bhaineann sé úsáid astu. Is dócha gur sa chúigiú céad a chum sé, bíodh go measann údair áirithe go bhfuil sé níos déanaí, sa séú nó fiú sa tseachtú haois. Saothar toirtiúil an tráchtaireacht, i 12 leabhair, 319 leathanaigh san eagrán criticiúil, i stíl fadálach, scaoilte.

Tá dhá leabhar déag sa tráchtaireacht, atá tagaithe anuas chugainn go hiomlán agus i ngiorrúchán. Ní raibh scaipeadh ró-mhór ar bhunleagan Apponius. Ní heol ach ceithre théacs den saothar den dhá leabhar déag, agus is cóip ceann amháin díobh sin. Tá an téacs iomlán ag trí chinn de na téacsanna, agus sa cheann eile níl ann ach a leath, le sé leabhar, ag dul chomh fada le Caintic 4:7 (Tota pulchra es amica mea …; “Álainn tú ar fad, a rún; atá tú gan cháim”) le macalla de 4:6 (Vadam ad montem murrae et ad collem turis; “rachaidh mé go cnoc an mhirr, go tulach na túise”.) sa ghluais (… ipsi “montes murrae et colles turis” intelleguntur). Ó Épinal, i Vosges na Fraince, Bibliothèque municipale 78 an lámhscríbhinn leis an téacs gairid, a tháinig ó mhainistitr Murbach, sna Vosges. Tá a fhios againn go raibh cóipeanna den téacs sa cheantar sin, ceann in Lautenbach agus an ceann eile i mainistir Luxeuil. Nuair a chum Angelomus as Luxeuil a thráchtaireacht ar an gCaintic sa bhliain 851 ní raibh fáil aige ach ar an gcéad chuid de thráchtaireacht Apponius,[8] mar a bhí ag Columbanus.

Bhí scaipeadh i bhfad níos fearr ar ghiorrúchán Apponius (faoin dteideal Veri amoris), a bhfuil an t-eagrán criticiúil de cóirithe as ceithre lámhscríbhinní déag ón seachtú go dtí an naoiú haois. I 1961 phlé Alberto Vaccari an eist faoin áit inar rinneadh an giorrúchán agus bhí sé den tuairim gurb in Éirinn é, tír ina raibh giorrúcháin dá leithéid á ndéanamh ar shaothar Aithreacha na hEaglaise, amhail an ceann a rinne an scoláire Éireannach Lathchen Mac Baith (a bhásaigh 661) ina ghiorrúchán de Moralia Ghréagóir ina Eglogae S. Gregorii Moralium in Job.[9] Tá glactha ag saineolaithe san ábhar (de Vregille agus Neyrand; Rossana E. Guglielmetti as Ollscoil Milano; Marc-Aeilko Aris Ollscoil München) gur i Éirinn a rinneadh an giorrúchán, agus sin sa seachtú céad. Tá sé soiléir, mar sin, go raibh téacs iomlán Apponius, ina dhá leabhar déag, le fáil in Éirinn sa seachtú céad. Bhí sé ann níos déanaí chomh maith, de réir dealraimh, de réir teidil amháin i gclár na lámhscríbhinní i scríbneoirieach Éireannach (Libri scottice scripti) i Leabharlainn St Gallen sa naoiú céad: Expositio in cantica canticorum, in quaternionibus II, Léirmhíniú ar Chaintic na gCainticí in dhá bhuíon gan ceangailt”. Ní foláir gur tagairt do shaothar Apponius atá anseo. An t-aon tráchtas eile ar an Chainic an tráth sin ná an dá Homiliae in Canticum le Greagóir Mór, saothar beag, agus gur Homailithe atá iontu seachas Expositio.

Níorbh fholáir cumas sa Laidin thar an ghnáth leis an giorrúchán a dhéanamh ar Apponius. Maidir lena chaighdeán mar shaothar, deir eagarthóirí an téacs chriticiúil gurb é atá ann ná toradh saothair oilte léannta a roghnaigh sa téacs bunaidh sraith iomlán de shleachta , de ghnáth an-ghairid, – san iomlán pas beag níos lú ná an trí dheiciú cuid den iomlán – le go gcuirfí le chéile iad taobh le taobh le tráchtaireacht leanúnach a athchruthú.

Is fiú aird a thabhairt ar thuairim eagarthóirí eagrán chriticiúil Apponius, Bernard de Vregille and Louis Neyrand, ar thús agus ar sheacadah saothair seo Apponius:[10]

Ó fhoinse san Iodáil, mar a raibh sé ar eolas go cinnte ag Greagóir Mór, áit ar caomhnaíodh é mar rud neamhchoitiahta, shrois an tráchtaireacht reigiún na nOileán (Éire agus an Bhreatain) agus is ansin a bhí an rath is mó uirthi.

B’fhéidir gur shrois sé Éire i dtús báire. Uaidh sin d’fhéadfadh Columbanus é a thabhairt go Luxeuil, áit inar léadh ar a laghad roinnt de, mar is soliéir, ag deireadh na séú haoise. Ó Luxeuil sa naoiú céad rinneadh é a sheacadadh go mainistreacha eile i reigiún na Vosges. Dealraíonn sé chomh maith go raibh sé in Éirinn chomh luath le deireadh na seachtú haoise, áit ar rinneadh giorrúchán de faoin bhfoirm dhá dhéag homailithe, faoi ainm Iaróm. Bhain a lán téacsanna “Éireannacha” eile úsáid as Apponius féin nó as an Suda-Iaróm.

Bhí fáil ar Apponius chomh maith sa Bhreatain, thuaidh (Beda) agus theas, san ochtú céad.

Ó cheantar na nOileán chuaigh an téacs iomlán agus an giorrúchán de isteach go Gaill an Tuaiscirt (Saint-Amand agus rl.) agus thar sin go dtí an Ghearmáin (Würzburg. Regensburg, Salzburg).

4. An Cathach (7ú céad)

i. Is é an Cathach, ón seachtú haois, an lámhscríbhinn mhaisithe Éireannach is aosta atá againn. Is blúire é den Saltair le Sailm 30:10-105:14, 75 Sailm ar fad, thart ar leath den Trí Caogaid.

ii. Téacs an Bhíobla. An Vulgáid, an Gallicanum, atá sa téacs. agus téacs maith de chóiriú bunaidh Naomh Iaróim. Tá sé ar aon dul leis an Gallicanum i Saltair Dhúbailte Saint-Ouen, Ls Rouen, Bibl. mun. 24 (10ú céad) Áirítear iad araon mar an Fine (family) Éireannach den Gallicanum.

iii. An Cathach: na h-obeli (obil OIT). Tá comharthaí diaicriticeacha (idirdhealaitheacha) sa Chathach, an asteriscus (réiltín) agus an obelus. Dar le Lawlor ina thras-scríbhinn den lámhscríbhinn nár thug sé faoi deara ach 21 aistrisc agus 25 obil, obeli, sa Chathach,[11] sin 46 ar fad. Dar le De Sainte-Marie, a rinne athscrúdú ar an téacs, 39 a bhí ann idir aistrisc agus obeli.[12] Rinne mé féin trí chomhaireamh agus fuair me 21 aistrisc agus 19 obeli, 40 ar fad. Is dócha go bhfuil an ceart ag Lawlor. Téann úsaid na n-asteirisc agus na h-obeli siar go hIaróm ina chomparáid idir théacsanna an tSeachtóid agus an Eabhrais.

Na h-obeli amháin is cás linn anseo. Is í ba aidhm leo ná focail aonair nó níos mó nach raibh sa bhun-téacs Eabhraise (in aistriúchan Laidine Iaróm) a mharcáil. De réir taighde De Sainte-Marie freagraíonn líon maith de na comharthaí (na h-obeli) sa Chathach do thagairtí beachta san téacs Eabhrach. Léiríonn 10 gcinn díobh an aidhm cheart a bhí acu: athbhreithniú (athcheartú) théacs Laidine an Chathaigh de réir an téacs Eabhraigh, nó níos cruinne fós de réir téacs Eabhrach an Fhine Éireannaigh. Dhá shampla soiléire dó na Salm 89:17 (líne iomlán in easnamh sa téacs Éireannach) agus Salm 97(98):5 (cithara amháin in easnamh).[13]

Is soiléir mar sin go raibh sain-fhine (family) téacsúil den Hebraicum in Éirinn chomh maith leis an cheann den Gallicanum, agus sin go luath, níos luaithe ná an Cathach féin, sa séú haois ar a laghad.

iv. An Cathach agus Saltair Dhúbailte Rouen. Mar a dúradh thuas, glactar leis gur ionann téacs an Gallicanum i Saltair Dhúbailte Saint-Ouen, Ls Rouen, Bibl. mun. 24 (10ú céad) agus téacs an Chathaigh. Maidir le sain-Fhine (clann; familia) Éireannach an Hebraicum de, tá sé ar fáil i dtrí lámhscríbhinní faoi na sigla AKI. A an Amiatinus (8 céad), K Ls Karlsruhe, Badische Landesbibliothek Aug, XXXVIII, 9ú céad; I– Saltair Dhúbailte Rouen (10ú céad). Ó thaobh primitíbheachais agus glaine an téacs de is é I an ceann is fearr. Mar a mheabhraíonn Luc De Coninck, is ionann téacs agus na comharthaí diocriticeacha sa Gallicanumi sa Chathach agus sa Saltair Dhúbabilte; tá an t-aistrisc agus na h-obeli sa Saltair Dhúbailte díreach mar atá siad sa Cathach.[14].

In mo thuairim an tátal, an chonclúid, a bheadh le baint as seo ná gur taobh thiar den Chathach mar tá sé anois bhí Saltair Dhúbailte den chuma atá againn i Saltair Dhúbailte Rouen, gan na gluaiseanna — Hebraicum den traidisiún Éireannach ar thaobh amhain, agus Gallicanum den tradisiún céanna sa taobh eile, agus na comharthaí diocriticeacha den aistrisc agus obelus curtha sa Gallicanum ag freagairt don Hebraicum Eireannach. Más ón tseachtú haois an Cathach, bheadh an Saltair Dhúbailte seo ón séú haois. Ceist le freagairt ná an in Éirinn nó taobh amuigh di a cumadh.

v. An Cathach. Na Tituli Psalmorum.[15] Sa Chathach tar éis na teidil Bhíobalta, tá teidil, tituli, faoi leith ag gabháil le gach salm. De ghnáth bíonn míreanna, eilimintí, éagsúla sna tituli sin, go minic i dtosach bíonn an focal “guth” (Vox), an té a mheastar bheith ag caint (Vox Christi, Vox Ecclesiae 7rl). In ocht déag de na sailm (ar thús de ghnáth) tá na briathra Legendus ad (2, 26,27,[40,43, 44,45,46, 47, 49, 50, 52], 68, 83. 90, 105, 106,129), a bhformhór díobh sin (8 as 18) idir Sailm 40 agus 52, agus ina dhiaidh sin Vox.

Cuirtear an cheist an chumadóireacht “bhaile”, in Éirinn, na Titili sin nó an ón iasacht iad, agus cad iad na foinsi taobh thiar díobh. Measann Aidan Breen gur ón iasacht agus ón traidisiún Gréigeach. Tá Pierre Salmon idir dhá chomhairle faoin gceist.[16]

Déanfaimid an cheist a phlé faoi gach eilimint faoi leith. Ar dtús maidir le an téarma Vox. Tá an úsáid sin an-chomónta sa saothar Anonymi Glosa Psalmorun ex traditione Seniorum, a cumadh de réir dealraimh i dtús na seachtú haoise i ndomhan manachúil i ndeisceart na Fraince, sa Provence. In aistí níos luaithe thaispeáin mé go raibh ceangal áirithe idir Tituli seo Columbae agua an Anomymi Glosa.[17] Níl aon teidil ag an sailm sa Glosa¸ach tá an téarma Vox an-chomónta sna gluaiseanna, mar shampla: ag , at Ps 4:2: Hic uox Christi et uox ecclesiae. Ag 4:3. Uox ecclesiae ad Iudaeos increpando loquitur (teideal sa Cathach: Propheta increpat Judeos); 47:2 Vox ecclesiae; 47:9, Vox apostolorum; 54:2, Vox ecclesiae; 54:5. Vox infirmorum.

I dtaca leis an nath Legendus ad sna hocht sailm déag thuas luaite, níltear ar aon aigne faoin gcúis taobh thiar de, mar shampla go bhfuil baint aige le úsáid liotúirgeach.[18] Ní dóigh liom gurb amhlaidh atá.

Ní thugtar aon leid faoin mhír nó véarsa den salm atá le léamh den salm i gceist, nó den téacs eile ach an oiread. Measaim go bhfuil an nath seo le tuiscint taobh istigh de thraidisiún beo luath-Éireannach eisigéise inar thuig lucht úsáidte an natha cad a bhí i gceist. Ba léor dóibh nod don eolach. Tá an comhartha sóirt seo an-chosúil le gné a bhí an-chomónta i dtéacsanna luatha bíobalta de luath-stair na hEaglaise in Éirinn, agus ar a dtugann Bernhard Bischoff comharthaí, siomtóim, Éireannacha orthu. Ina fhocail siúd: “Nuair nach gluaiseanna aonair simplí atá sa léirmhíniú, ach go ndéanann sé iarrracht dul isteach go brí an ábhair féin, déantar an ceangal coincheapúil idir an dá shliocht a léiriú níos cruinne”. Bhí foirmlí iomadúla ann chun an ceangal sin a léiriú. Ceann díobh ná haeret (“téann sé le”). Is rud cruthanta Éireannach ceangal sleachta trí haeret. Ceann eile ná coniungitur ad (“tá sé ceangailte/nascaithe le”). Sna cásanna seo baintear feidhm as na focail atá le ceangal agus an téacs a bhfuil sé le ceangal leis, murab ionann agus sna Tituli Columbae.

Le roinnt samplaí a thógáil, ceann léiritheach ar dtús:

Salm 45. “Le léamh ag (legendus ad) (léitheoireacht Gníomartha na nAspal. Guth na nAspal.” (Legendus ad lectionem Actus apostolorum. Vox apostolorum).

Ní thugtar aon véarsa den Salm nó de Ghníomhartha na nAspal dúinn ach ón dteideal don chéad salm eile (Salm 46) is féidir glacadh leis go bhfuil baint aige le radharc éigin tar éis an aiséirí nó na Deascabhála. agus go bhfuil véarsa an tsailm i gceist ag tagairt do theacht an Spioraid Naoimh, le 45:5 mar véarsa cuí: Fluminis impetus laetificat ciuitatem Dei, “Cuireann rabharta na habhann lúcháir ar chathair Dé”, ag tagairt do teacht an Spioraid Naoimh i Gníomhartha 2:2 mar sonus tanquam advenientis spiritus vehementis. Ba leor nod leis an tagairt iomlán don traidisiún a thuiscint.

Ta an t-ádh linn go bhfuil léirmhíniú iomlán againn ar an salm seo 45 i Leabhar Ard Mhaca (folio 171v,a; leath-fholio idir an Apacailips agus Gníomhartha na Aspal, a thagann tar éis an Apacailipse sa leabhar seo), gur fiú achoimre de a thabhairt. Tá an eisigéis de réir na ceithre bríonna, stair, sensus/sians, morálta, agus per anagogen (anagogia; an úsáid is luaithe den téarma seo i dtéacs Éireannach measaim).

I dtosach tugtar véarsa tosaigh an tSailm: Deus noster refugium [Ps 45:1], “Is é Dia ár ndídean”, agus ansin go véarsa 5 Fluminis impetus.. Is mian leis an léirmhíniú ar véarsa seo a haon den téacs dhá rud a shoiléiriú, is é sin é cad go beacht is brí le fluminis impetus, “rabharta na habhann”, agus conas a chuireann sé lúcháir ar chathair Dé. Ó thaobh na staire (an chéad bhrí) de ba é an fluninis impetus ná ionradh arm na hAsaíre ar Ríocht an Tuaiscirt (Iosrael), a bhris an léigear ar Iarúsailem, ag cur lúcháire mar sin ar chathair Dé. Sa cheathrú chiall, per anagogen, luaitear arís briathra tosaigh 45:5 fluminis impetus¸ ach anois déantar é a nascadh le Eoin 7:38 agus 7:39 ar a abhainn, sruthanna, d’uisce beo a bhí le rith as Críost, a mhínítear bheith ag tagairt faoin Spiorad a bhí le glacadh acu siúd a chreid ann, Spiorad a bhí le teacht tar éis do Chríost a bheith glóirithe (trína bhás, a aiéirí, a dheascabháil), an Spiorad Naomh a gheall Íosa roimh a dheascabháil (Gníomhartha 1:8).

Salm 46: “Le léamh ag (legendus ad) (léitheoireacht Gníomartha na nAspal. Guth na nAspal tar éis do Chríost dul suas go dtí an tAthair.” (Legendus ad lectionem Actus apostolorum. Vox apostolorum postquam ascendit Christus ad Patrem).

D’fhéadfaí nasc a dhéanamh idir dheascabháil Críost (ar a bhfuil cur síos uirthi i Ghnomhíartha na nAspal 1:9-14), agus Salm 46:6: Ascendit Deus in iubilo Dominus in voce tubae, “Chuaigh Dia in airde maille le gairdeachas, an Tiarna le glór an stoic”.

Salm 43: Hic exomologesim, Legendus ad epistolam Pauli ad Romanos. Propheta ad Dominum de operibus eius paenitentiam gerens pro populo judaico.[19] (“Le léamh ag Litir Phóil chuig na Rómhánaigh”.

Bheadh Salm 43 le léamh le nasc leis an Litir chuig na Rómhánaigh de bhrí go luaitear (cited) Salm 43:22 i Rómhánaigh 8:33.

Ps 105. Vox ecclesiae ad apostolos. Legendus ad Exodum; Ps 106. Vox Christi de Judeis. Legendus ad Judicum et Numeri libros. “Le léamh ag (Leabhar) Exodus; Le léamh ag Leabhair nas mBreithiúna agus Leabhar na nUimhreacha”

Is sailm stairiúla iad sin, a bhfuil a gcúlra le fáil sna háiteanna cuí sna leabhair eile den Bhíobla luaite.

.Ps 68. Legendus ad lectionem Jonae prophetae et ad euangelium Johannis. Uox Christi cum pateretur. “Le léamh ag léitheoireacht an fháidh Iona agus ag Soiscéal Eoin”.

Tá an tagairt don fháidh Ióna, de réir dealraimh, do Ióna i mbolg an éisc mhóir. Mar a deir Ióna le Dia (Ióna 2:4): “Theilg tú mé síos san aibhéis, i ndoimhneacht na farraige, mar ar thimpeallaigh an díle mé, agus mar a raibh do thonnta agus do shaoistí uile ag madhmadh tharam”, sliocht ar aon dul le tús an tsailm seo: “Tarrthaigh mé. a Dhia, óir thángadar na huiscí go dtí mo mhuinéal. Táim slógtha, báite i láíb an aigéin, agus níl áit agam ina gcuirfinn mo chos. Ráinig mé i ndoimhneacht na mara, agus treascraid na tonntracha mé” (Salm 68:2-3). .

Is é seo an salm is Críosteolaíochtaí sa Saltair, agus tá an chuid is mó de na tagairtí do Chríost ann i Soiscéal Eoin, mar shampla: Salm 68, véarsa 4 in Eoin 15:25; véarsa 9 in Eoin 2:17; véarsa 10 in Eoin 2:17. I gcóir Eoin 19:28-29 féach véarsa 22.

5. Soiscéil Laidine Éireannacha

i. Líon na dtéacsanna. Fiche ocht i lámhscríbhneoireacht Éireannach agus deich lámhscríbhínní eile gaolmhar don traidisiún seo.

ii. Dáta. Seachtú haois: Usserianus Primus (Sean-Laidin); Leabhar Darú (Vulgáid ghlan); Durham (Cathedral Library Library A.II.10; C.III.13; C.III.20, blúirí; Matha agus Marcas; Téacs measctha agus Sean-Laidin). Ochtú haois, roinnt eile; níos déanaí, cinn eile.

iii.Téacs. Sean-Laidin go hiomlán Usserianus Primus; Vulgáid ghlan Leabhar Darú; meascán de Sean-Laidin agus Vulgáid (An téacs measctha Éireannach, roinnt mhaith de na téacsanna; an grúpa DELQR (Ard Mhaca, Egerton 609, Lichfield, Ceannanais; Mac Réagail) le comharthai sóirt aitheantais faoi leith, ina measc naoi n-idirshleachta (interpolations) aitheanta.

iv. Tréithe suntasacha den “Téacs Bíoblta Éireannach”: Vulgáid le tionchar láidir ón tSean-Laidin, nó de réir scoláirí áirithe ceartúchan den tSean-Laidin i leith na Vulgáide; blocanna meascáin (block mixtures; téacs tógtha as lámhscríbhinn eile) den tSean-Laidin i dtéacsanna den Vulgáid nó den téacs Éireannach Measctha, mar shampla Marcas 2:12-6:5 Sean-Laidin i blúirí Durham; Eoin 1:29-3:26 i St Gallen Stiftsbibliothek Codex 60; tionchar an-trom Sean-Laidine i gcodanna de Usserianus Secundus (“Garland of Howth”), agus Soiscéil Moling (mura “blocanna meascáin”, block mixtrures, atá ansin).

v.Stair an taighde san ábhar. Buaicphointí: (1863) B. F. Westcott, ‘Vulgate’, in Dictionary of the Bible: Comprising its antiquities, biography, and natural history, W. Smith (ed), 3 vols, with continuous pagination, vol. III (London 1863), lgh. 1688-1718; (1893) S. Berger, Histoire de la Vulgate pendant les premieres siècles du Moyen Âge (Paris 1893) (athcló New York 1958). Chapitre III: Les textes irlandais et Anglo-Saxons’, lgh. 29-45; ‘Chapitre IV: ‘Les irlandais en Europe’, lgh. 46-59; (1889-1898), J. Wordsworth and H.J. White, Novum Testamentum Pars Prior. Quattuor Evangelia (Oxford) (le aitheantas don ghrúpa DELQR); (1986-2018) M. McNamara, in Bibleagrafaíocht. Sa suíomh idirlín “insulargospels.net”; (1994 7rl,), Patrck McGurk, Latin Gospel Books from A.D. 400 to A.D 800, Aldershot.; (2016), H.A.G. Houghton, The Latin New Testament. A Guide to its History, Texts and Manuscripts, Oxford. (2018) H.A.G. Houghton, Collation of Synoptics in Ms St Gall 51, with introduction, in D. Bracken, (ed.), Companion Volume to Facsimile Edition of MS St Gall Stiftsbibliothek 51; M.McNamara, “Background to Irish Gospel Texts: General Introduction”, in Damian Bracken, (ed.), Companion Volume to Facsimile Edition of MS St Gall Stiftsbibliothek 51, le foilsiú i mbliana.

vi. Béimeanna sa taighde nua-aimseartha. Tionchar trom na Sean-Laidine; ceartúchán ón tSean-Laidin i leith na Vulgáide, seachas tionchar ón tSean-Laidin.

vii. Bibleagrafaíocht. Sa suíomh idirlín “insulargospels.net”

viii. Togra comhaimsire i dtaighde na Soiscéal Éireannacha. Ar siúl cheana i gcomhair leis an Dochtúr Hugh Houghton, Léachtóir le Léann Téacsúil an Tiomna Nua in Ollscoil Birmingham.

a. Aidhm. Coláid (collation) iomlán de lámscríbhinní na Soiscéal Éirennacha (28 + cinn eile)

b.Meáin chuige. Tras-scríomh proifisiúnta de na lámscríbhinní

c. Dul chun cinn sa togra. Tá sé cinn de na Ceithre Soiscéil tras-scríofa ar fad, agus deich gcinn de Shoiscéal Eoin as Soiscéil eile.

Toradh ginearálta an taighde seo: Fianaise go raibh léann an Bhíobla in Éirinn beo, aibí gníomhach ina thús-ré, 6ú-8ú haois, le boradh á thabhairt, mar is léir, ó an scríbhinní iomadúla níos déanaí a léirigh saothar Bernhard Bischoff.

Breis eolais sa Suíomh Idirlín insulargospels.net.

English Summary

De initiis. Aspects of Irish Ecclesiastical Learning A.D. 600-800

Máirtín Mac Conmara

The aim of the project De initiis is to ascertain the extent of this learning in the early church, especially in the sixth and seventh centuries. The present paper is interested in evidence regarding biblical learning. It examines the 135 (7th century) glosses in the Old Latin text Usserianus Primus;– Apponius’ commentry on the Canticle and relation with Columbanus (6th cent.) and abbreviation of this in Ireland (7th cent.);  the biblical (Vulgate) text and its critical signs in the Cathach and their implications, concluding that behind our present Cathach 7th-cent. text there stood a Double Psalter (as currently in Rouen MS. Bibl.mun. 24) of the sixth century possibly of Irish origin. It finds that the Tituli of the Cathach are of Irish origin, not imported, and the frequently used Legendus ad (“to be read at”) is a forerunner of the later Irish ubiquitous haeret, coniungitur ad of exegetical texts. The 28 Irish Gospel texts (3 of seventh century. Old Latin, Vulgate, Mixed Text), remainder mainly 8th, research history on the topic from 1863 (B.F. Westcott) onwards traced, with the present project to have them all transcribed profesionally and collated. More information in Internet Site insulargospels.net.

General conclusion from this study: biblical learning in Ireland in 6th-8th cent. mature and active, to flourish later inthe many writings brought to our attention by Bernhard Bischoff.

[1] Féach M. Mac Conmara, “De initiis: Apocrafa, an Biobla agus Léann Luath-Eaglais na hÉireeann”, in Sacred Histories. A Festschrift for Mire Herbert¸Baile Átha Ciath, 2015, lgh.199-208, ag 199.

[2] B. Bischoff, “Wendepunkte in der Geschichte der lateinischen Exegese im Frühmittelalter”, no. 22, in Sacris Erudiri 6 (1954), 189-281; eagrán leasaithe Mittelalterliche Studien. Ausgewählte Aufsätze zur Schriftkunde und Literaturgeschichte, vol. 1, Stuttgart: Hiersemann, 1966, lgh. 205-273; aistriúchán Béarla, “Turning-points in the History of Latin Exegesis in the Early Middle Ages”, by Colm O’Grady, in Biblical Studies. The Medieval Irish Contribution, ed. M. McNamara (Proceedings of the Irish Biblical Association 1), Dublin: Dominican Publications, 1976, lgh. 73-160, ag 78-79.

[3] P. Ó Néill, “The earliest dry-point glosses in Codex Usserianus Primus”, in “A Miracle of Learning”. Studies in Manuscripts and Irish Learning. Essays on honour of William O’Sullivan, Toby Barnard et al. (eds.), Aldershot: Ashgate, 1998, lgh. 1-28.

[4] Sancti Columbani Opera (Scriptores Latini Hiberniae “), ed. G.S. Murdoch Walker (Dublin: Dublin Institute for Advanced Studies, 1970), 10-11.

[5] Tá an cheist sin cíortha agam in M. McNamara, “Two Early Irish Biblical Commentaries (c.650-850 CE)”, Proceedings of the Irish Biblical Association 39 (2016), 88-103, ag 88-99.

[6] Apponii In Canticum Canticorum Expositionem, CCSL 19, ediderunt Bernard de Vregille agus Louis Neyrand (Turnhout: Brepols, 1986). Tá aistriú Fraincise ann, mar aon leis an teacs Laidine, ag Bernard de Vregille agus Louis Neyrand, Apponius. Commentaire sur le Cantique, 3 vols, Sources Chrétiennes 420, 421, 430 (Paris: Cerf, 1997-98).

Féach n. 6 thuas; agus de Vregille agua Neyrand, Apponius. Commentaire I, 15-128.

[7] Léirmheasanna le Jean-Paul Bouhot in Revue des Études Augustiniennes 33 (1987) 186-7; Jacques Fontaine in Revue des Études Latines 65 (1987-89) 314-6; Basil Studer in Augustinianum 27 (1987) 635-9; Michael Winterbottom in Journal of Theological Studies 39 (1988) 273-6.

[8] Faoi thráchtaireacht Angelomus féach de Vregille and Neyrand, Apponii In Canticum, xxxii-xxxiv; agus Silvia Cantelli, Angelomo e la scuola esegetica di Luxeuil. 2 imleabhar, Biblioteca di Medioevo Latino, Società Internazionale per lo Studio del Medioevo Latino (Spoleto: Centro Italiano di Studi sull’Alto Medioevo, 1990) I, 373-454, 436-54 for Apponius.

‘;

[10] De Vregille and Neyrand, Apponius. Commentaire I, 23 (uaim féin an t-aistriúchán).

[11] Lawlor, “The Cathach”, lch. 257,

[12] De Sainte-Marie, Sancti Hieronyni Psalterium, lch. xxuiii.

[13] De Sainte Marie, Sancti Hieronyni Psalterium, lch.xxiii.

[14] Féach Luc De Coninck, Expositiones psalmorun duae sicut sicut in codice Rothomagensi 24 asservantur, in eagar ag L. De Coninck (CCCM 256; Scriptores Celtigenae Pars VII), Turnhout, 2012, lch. xi: “Ga.[llicana] instructa est obelis (quorum pars manu recentioire est addita) et asteriscis : obeli in hoc codice, ut iam in Cathach [le nóta ag tagairt do H. De Sainte Marie, ed. Sancti Hieronymi Psalteriumn iuxta Hebraeos, 1954, p. xxiii; McNamara [1984, “Early Irish Exegesis. Some Facts and Tendencies”, PIBA 8, 1984, lgh. 57-96), uocabula quae in traditione hibernica [folíneadh ag De Coninck] uersionis He[braicum] non inueniebantur”.

[15] Eagrán ag Pierre Salmon, Les “Tituli Psalmorum” des manuscrits latins (Collectanea Biblica Latina 12), An Róimh-An Vatacáin, 1959, “I. Série I. Série de Saint Colomba”, lgh. 45-74.

[16] Féach P. Salmon, Les “Tituli”, pp. 51-54;’ A. Breen, “The Rubrics of the Cathach and what they Contain”, and “The Sources of the tituli in the Cathach”, in The Cathach of Colum Cille. An Introduction, by Michael Herity and Aidan Breen, Dublin, 2002, pp. 45-51; 51-65.

[17] M. McNamara, “Some Affiliations of the St Columba Series of Psalm Headings. A Preliminary Study”, in The Psalms in the Early Irish Church, Sheffield, 2000, lgh. 302—352, ag 302,308-310.

[18] See Salmon, “Les ‘Tituli’”, lgh. 51-52.

[19] See McNamara, “Some Affiliations”, lgh. 318-19, 327-28.